3. Breithiúnais agus meastacháin chriticiúla a úsáidtear agus beartais chuntasaíochta na Cuideachta á gcur i bhfeidhm

Déantar measúnú leanúnach ar mheastacháin agus breithiúnais agus bíonn siad bunaithe ar thaithí stairiúil agus tosca eile, lena n-áirítear imeachtaí sa todhchaí a bhfuiltear ag súil leo, a mheastar a bheith réasúnta sa chás áirithe sin.

Déanann an Chuideachta meastacháin agus boinn tuisceana maidir leis an todhchaí. Na meastacháin chuntasaíochta a bheidh ann dá bharr, is annamh, faoi mar a thuigfí, a bheidh siad comhionann leis na torthaí iarbhír gaolmhara. Pléitear thíos na meastacháin agus boinn tuisceana a bhfuil baol mór ag baint leo go mbeidh coigeartú ábhartha mar thoradh orthu ar ghlanmhéideanna sócmhainní agus dliteanas laistigh den bhliain airgeadais atá le teacht:

(i) Saolré úsáideach eacnamaíoch na sócmhainní inláimhsithe seastas

Is féidir leis an muirear dímheasa bliantúil le haghaidh sócmhainní inláimhsithe athrú de réir athruithe ar shaolré eacnamaíoch úsáideach measta agus luachanna iarmharacha na sócmhainní. Déantar saolré eacnamaíoch úsáideach agus luachanna iarmharacha a athmheasúnú gach bliain agus a leasú más gá. Féach nóta 11 le haghaidh glanmhéid sócmhainní inláimhsithe na Cuideachta agus na Beartais Chuntasaíochta don saolré eacnamaíoch úsáideach atá i gceist i gcás gach aicme sócmhainne.

(ii) Scéim pinsin le sochair sainithe

Tá sé mar oibleagáid ar an gCuideachta sochair phinsin a íoc le fostaithe áirithe. Braitheann costas na sochar sin agus luach reatha na hoibleagáide ar roinnt fachtóirí, a bhfuil ina measc; ionchas saoil, méaduithe ar thuarastail, luachálacha sócmhainne agus an ráta lascaine ar bhannaí corparáide. Déanann an lucht bainistíochta na fachtóirí sin a mheas chun an ghlanoibleagáid phinsin sa Chlár Comhardaithe a mheas. Léiríonn na boinn tuisceana taithí stairiúil agus treochtaí reatha. Féach nóta 30 le haghaidh na nochtuithe maidir leis an scéim pinsin le sochair sainithe.