Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

2. Ráiteas géilliúntais

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais ar bhonn an ghnóthais leantaigh agus comhlíonann siad Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102, ‘An Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe agus i bPoblacht na hÉireann’ (‘FRS 102’), agus Acht na gCuideachtaí, 2014.