Tuarascáil na Stiúrthóirí

Cuireann na Stiúrthóirí a dTuarascáil Bhliantúil i láthair, mar aon le ráitis airgeadais iniúchta na Cuideachta don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2019.

Freagracht na Stiúrthóirí as na Ráitis Airgeadais

Is iad na Stiúrthóirí atá freagrach as tuarascáil na Stiúrthóirí agus na ráitis airgeadais a ullmhú de réir Acht na gCuideachtaí 2014.

Ceanglaíonn dlí cuideachtaí na hÉireann ar na Stiúrthóirí ráitis airgeadais a ullmhú maidir le gach uile bhliain airgeadais. De réir an dlí, tá sé roghnaithe ag na Stiúrthóirí, na ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir le FRS 102 an Caighdeán um Thuairisciú Airgeadais a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann, arna eisiúint ag an Financial Reporting Council (“an creat ábhartha um thuairisciú airgeadais”). Faoi dhlí cuideachtaí, níl cead ag na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a fhaomhadh go dtí go bhfuil siad sásta go dtugann siad léargas ceart agus cóir ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na Cuideachta amhail ar dháta deireadh na bliana airgeadais, agus ar bhrabús agus caillteanas na Cuideachta sa bhliain airgeadais, agus go gcloíonn siad ar gach bealach eile le hAcht na gCuideachtaí 2014.

Le linn do na ráitis airgeadais sin a bheith á n-ullmhú, éilítear ar na Stiúrthóirí:

  • beartais chuntasaíochta oiriúnacha a roghnú le haghaidh Ráitis Airgeadais na Cuideachta agus iad a chur i bhfeidhm go leanúnach ansin;
  • breitheanna agus meastacháin a dhéanamh atá réasúnta agus stuama;
  • a dhearbhú cé acu ar ullmhaíodh nó nár ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir na gcaighdeán cuntasaíochta ábhartha, na caighdeáin sin a shainaithint, agus nóta a dhéanamh de na hiarmhairtí agus na cúiseanna is bonn le haon imeacht ábhartha ó na caighdeáin sin; agus
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh ach amháin má tá sé míchuí glacadh leis go leanfaidh an Chuideachta i mbun gnó.

Tá na Stiúrthóirí freagrach as a chinntiú go gcoinneoidh an Chuideachta, nó go gcuirfear faoi deara don Chuideachta iad a choinneáil, taifid chuntasaíochta chruinn, a dhéanann idirbhearta na Cuideachta a mhíniú agus a thaifeadadh i gceart, a ligeann dóibh sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais, agus brabús agus caillteanas na Cuideachta a dheimhniú go réasúnta cruinn, a chuireann ar a gcumas a chinntiú go gcomhlíonann na ráitis airgeadais agus tuarascáil na Stiúrthóirí Acht na gCuideachtaí 2014, agus a éascaíonn iniúchadh na ráiteas airgeadais. Tá siad freagrach chomh maith as sócmhainní na Cuideachta a chosaint agus as bearta réasúnta a dhéanamh dá bharr chun calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a bhrath.

D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir an reachtaíocht Éireannach lena rialaítear ullmhú agus scaipeadh ráiteas airgeadais agus an reachtaíocht chéanna i ndlínsí eile. Tá na Stiúrthóirí freagrach as cothabháil agus ionracas na faisnéise corparáide agus airgeadais atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Cuideachta.

Stádas Dlíthiúil

Cuideachta Gníomhaíochta Sainithe faoi theorainn scaireanna is ea Cuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath, ar bunaíodh í faoi reacht de bhun an Acht Cuanta, 1996, agus atá ionchorpraithe in Éirinn. Ar an 3 Márta 1997, tháinig an Chuideachta isteach mar eintiteas comharba in áit Bhord Poirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath, an t-iar-eintiteas reachtúil a bhíodh freagrach as Port Bhaile Átha Cliath. Ar an dáta sin, ghlac Cuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath ceannas ar fheidhmeanna na heagraíochta réamhtheachtaí, agus ghlac siad seilbh ar a sócmhainní agus dliteanais, bunaithe ar luachálacha a comhaontaíodh leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am. Mar chomaoin i leith na sócmhainní agus na ndliteanas, d’eisigh an Chuideachta scairchaipiteal ar luach €7.648m don Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha a bhí ann ag an am.

Le héifeacht ón 26 Iúil 1997, bhí an Chuideachta ina húdarás píolótaíochta do Bhá Bhaile Átha Cliath.

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2006, aistríodh freagracht as Earnáil na bPort Tráchtála ón Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go dtí an t-Aire Iompair.

Ar an 12 Iúil 2011, d’aistrigh an tAire Iompair sócmhainní agus dliteanais Chuideachta Phort Dhún Dealgan chuig Cuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath faoi IR Uimh. 361 de 2011.

Príomhghníomhaíochtaí

Is é cuspóir gnó Chuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath ná gluaiseacht earraí agus paisinéirí, agus an sreabhadh eolais bainteach, a éascú tríd an bPort.

Soláthraíonn an Chuideachta an bonneagar, na háiseanna, na seirbhísí agus na láithreacha crua-sheasta le freastal ar riachtanais custaiméirí maidir le haistriú éifeachtúil earraí agus paisinéirí idir nóid tíre agus muirí.

Gintear ioncam, maidir leis na háiseanna sin a chur ar fáil, ó na nithe seo a leanas: dleachtanna soithigh, dleachtanna earraí, cíos agus na príomhsheirbhísí a chuirtear ar fáil, amhail tuáil agus píolótaíocht.

Taifid Chuntasaíochta

Is iad na bearta a chuireann na Stiúrthóirí i bhfeidhm chun a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais ailt 281 go dtí 285 d’Acht na gCuideachtaí, 2014 maidir le taifid chuntasaíochta leordhóthanacha a choinneáil, ná úsáid córas agus nósanna imeachta cuí agus fostú daoine inniúla. Coimeádtar na taifid chuntasaíochta in oifig chláraithe na Cuideachta, Ionad an Phoirt, Bóthar Alexandra, Baile Átha Cliath 1.

Athbhreithniú Gnó

Tá mionsonraí faoi bhrabús na bliana, mar aon le suimeanna comparáideacha le haghaidh 2018, leagtha amach sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais agus sna nótaí gaolmhara. Tá Príomhtháscairí Feidhmíochta Airgeadais an ghnóthais leagtha amach thíos agus san Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach.

Bhí an tréchur níos airde ná in 2018 faoi 0.4%, ag 38.1 milliún tona (2018: 38.0m tona). D’fhás allmhairí faoi 0.1% sa bhliain go dtí 15.3 milliún tona (2018: 15.3 milliún tona), agus d’fhás onnmhairí faoi 0.5% go dtí 22.8m tona (2018: 22.7 milliún tona).

Ba é €92.7m láimhdeachas na bliana, méadú 2.6% ar an mbliain roimhe (2018: €90.4m).

Bhí €48.5m ar chostais oibriúcháin iomlána in 2019; ba mhéadú €4.9m (11.2%) é sin ar 2018 (2018: €43.6m). Mhéadaigh costais phárolla faoi €0.5m (3.9%) mar thoradh ar mhéaduithe ginearálta ar thuarastal. Tháinig méadú €4.4m ar chostais neamh-phá eile, méadú a d’eascair go príomha as costais atheagraithe de €2.9m mar thoradh ar scéim iomarcaíochta deonaí do bhaill foirne i dtreo dheireadh na bliana, costais dímheasa mhéadaithe de €0.7m agus costais slándála mhéadaithe de €0.6m.

Thit an brabús oibriúcháin go dtí €44.2m in 2019 ó €47.4m in 2018, rud a raibh Corrlach Oibriúcháin de 48% mar thoradh air (2018: 52%).

Ba é an glanioncam maoinithe ná €0.4m (2018: €0.5m). Is ionann an t-ioncam airgeadais agus €1.1m (2018: €973k).

Ba iad na glanmhuirir úis (gan ghlan-ús ar scéimeanna pinsin san áireamh) ná €0.7m (2018: €0.5m) agus is ionann cóimheas cumhdaigh ar ús na Cuideachta agus 65 (2018: 94), bunaithe ar bhrabús roimh ús agus cáin, de bhreis ar ghlanmhuirir úis. Mhéadaigh an glanfhiachas ó €91.6m in 2018 go dtí glanfhiachas de €121.4m in 2019 agus tá na cúnaint uile á gcomhlíonadh ag an gCuideachta i ndáil lena saoráidí iasachtaíochta.

Ba é brabús na bliana airgeadais ná €38.6m (2018: €41.5m).

Tháinig méadú ar an gCúlchiste Brabúis agus Caillteanais ó €425.1m amhail ar an 31 Nollaig 2018 go dtí €455.1m, agus tháinig méadú ar Chistí na Scairshealbhóirí ó €440.4m go dtí €470.4m sa tréimhse chéanna.

Baineadh tréchur de 38.1 milliún tona amach in 2019, agus bhí sé sin 5.0% taobh thiar den 40.1 milliún tona a raibh buiséad pleanáilte ina leith.

Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha

Baineann ceann de na príomhéiginnteachtaí a gcaithfear déileáil leis le cumas na Cuideachta acmhainneacht a sholáthar don mhargadh. I Meitheamh 2018, d’fhoilsigh an Chuideachta “Máistirphlean Comhlacht Chalafort Átha Cliath 2040 - Athbhreithnithe in 2018”, agus rinne sé sin an chéad Mháistirphlean, ar glacadh leis in 2012, a nuashonrú. Foilsíodh an Máistirphlean, de réir mar a athbhreithníodh é, tar éis próiséas comhairliúchán poiblí forleathan.

Is é cuspóir an Mháistirphlean ná a léiriú do na páirtithe leasmhara go léir conas a fhorbrófar an Port chun freastal ar a riachtanais sna blianta amach anseo. I ndiaidh an hathbhreithnithe in 2018, aithníodh roinnt conclúidí bunúsacha mar seo a leanas;;

  • Ar an gcéad dul síos, samhlaíodh sa Mháistirphlean filleadh ar leathnú Comhlacht Chalafort Átha Cliath soir isteach go Cuan Bhaile Átha Cliath, ach anois níl Cuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath ag dul ar aghaidh leis mar rogha.
  • Ar an dara dul síos, chun freastal ar na riachtanais acmhainneachta a bhfuiltear ag súil leo, is gá do Comhlacht Chalafort Átha Cliath a bheith forbartha ar bhonn fás meánmhéideanna bliantúil de 3.3% i rith na tréimhse 30 bliain ó 2010 go dtí 2040, seachas an 2.5% a rabhthas ag glacadh leis in 2012. Dá bharr sin, tá ardú ó 60m tona go dtí 77m tona ar an riachtanas acmhainneachta le haghaidh 2040.

Leagann Máistirphlean 2040 creat amach, agus faoin gcreat sin tabharfar tionscadail riachtanacha chun tosaigh le haghaidh pleanála agus toilithe eile chun a chinntiú go dtógfar na háiseanna in am chun freastal ar an éileamh.

Ba é an chéad phríomhthionscadal a cuireadh chun tosaigh faoin Máistirphlean ná Tionscadal Athfhorbartha Thaiscumar Alexandra, agus leanadh den tionscadal sin a thógáil i rith 2019. Cuireadh iarratas pleanála i ndáil leis an dara príomhthionscadal, an Tionscadal MP2, go díreach faoi bhráid An Bhoird Phleanála in 2019 de réir na reachtaíochta Bonneagair Chriticiúil. Bhí éisteacht ó bhéal ann i Nollaig 2019 i ndáil leis an iarratas, agus táthar ag súil le cinneadh pleanála go luath in 2020.

Mar is léir ón titim ar thrádáil sa chuid dheireanach den bhliain 2008 agus sa chéad chuid den bhliain 2009, tá an Chuideachta, i ngnáthchúrsa a gcuid oibriúchán, neamhchosanta ar thionchar cúlaithe eacnamaíochta ar ghníomhaíochtaí an Phoirt. Tá fás faoi 36% tagtha ar thréchur Comhlacht Chalafort Átha Cliath le seacht mbliana anuas, agus dá bharr sin, tá na leibhéil trádála níos airde faoi 23% ná mar a bhí siad ag an mbuaicphointe roimhe sin sa bhliain 2007. Is léir go mbeidh tionchar ag a bhfuil i ndán do gheilleagar na hÉireann i gcoitinne ar an bhfás a dhéanfaidh an Chuideachta amach anseo.

I ndáil leis sin, beidh éifeacht iarmhartach ag an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar Éirinn ar an leibhéal maicreacnamaíoch, agus ar fhás na holltáirgeachta intíre (OTI) go háirithe, ar mhéideanna Comhlacht Chalafort Átha Cliath. Cé go bhfuil an AE agus an Ríocht Aontaithe tar éis dul i mbun plé faoin gcaidreamh trádála nua atá le bunú tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe, d’fhéadfadh fós go mbeadh Breatimeacht crua ann in éagmais comhaontaithe. Ar leibhéal praiticiúil, má tharlaíonn Brexit crua agus má thugtar rialú custaim isteach dá bharr sin, beidh ar an gCuideachta acmhainní talún, atá gann cheana féin, a leithdháileadh chun custaim agus gníomhaireachtaí stáit eile a éascú. Tá an Chuideachta tar éis tógáil áiseanna cigireachta príomha a thabhairt chun críche, agus tá siad ag leanúint d’obair le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis na gníomhaireachtaí Stáit ábhartha i dtaca le soláthar áiseanna cigireachta tánaistí.

In imeacht na chéad ráithe de 2020, tá riosca eile ann don trádáil dhomhanda anois, mar atá, ráig Covid-19 (Coróinvíreas), agus d’fhéadfadh sé sin éifeacht iarmhartach a bheith aige ar mhéideanna trí Comhlacht Chalafort Átha Cliath.

Tá an Chuideachta tar éis a chinntiú go mbeidh de shaoirse acu fós, agus an clár infheistíochta caipitiúla á bhaint amach acu a bhfuiltear ag súil leis faoin Máistirphlean 2040, cur i bhfeidhm tionscadal a chur chun tosaigh nó a mhoilliú chun freagairt d’fhorbairtí eacnamaíocha níos leithne a d’fhéadfadh a bheith ag tarlú ag am ar bith.

Anuas air sin, tá an Chuideachta neamhchosanta ar thionchar cúlaithe eacnamaíoch ar a bhunghníomhaíochtaí nach bhunghníomhaíochtaí Poirt iad. Is fianaise air sin an laghdú ó €10.9m in 2001 go dtí €4.4m ag deireadh na bliana 2013 ar luach réadmhaoine infheistíochta na Cuideachta atá lonnaithe i bPáirc Gnó Rinn an Oirthir. Rinne ár gcomhairleoirí réadmhaoine athluacháil ar an réadmhaoin ag deireadh na bliana 2019, agus níor athraíodh an luacháil €8.5m ón mbliain roimhe. Faoi láthair, tá laghdú carnach €2.4m tagtha ar luach na réadmhaoine.

Tá an Chuideachta tiomanta dá neamhchosaint ar riosca a bhainistiú go rathúil agus do thionchar an riosca a íoslaghdú maidir le cuspóirí gnó a bhaint amach. Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchóireachta agus Riosca a bhfuil téarmaí tagartha ar leith aige a léiríonn ról an Choiste maidir le tacaíocht a thabhairt don Bhord chun neamhchosaint na Cuideachta ar riosca a bhainistiú.

Tá Creat Bainistíochta Riosca curtha i bhfeidhm ag an gCuideachta, a bhfuil na gnéithe seo a leanas ina gcuid de:

  • Próisis chun rioscaí a aithint, a chur in ord tosaíochta agus a chur i gcatagóir,
  • Rioscaí a mheas agus a thomhas go leanúnach, agus
  • Monatóireacht a dhéanamh ar rioscaí agus iad a thuairisciú don Choiste Iniúchóireachta agus Riosca mar fhochoiste Boird.

Tá an Creat Bainistíochta Riosca cuimsitheach seo forbartha i ngach gné den ghnóthas agus áirítear leis na gnéithe seo a leanas:

1. Bainistíocht Riosca Fiontair

2. Plean Bainistíochta Éigeandála

3. Bainistiú Riosca TFC

4. Bainistiú Riosca maidir leis an bPíblíne Ola Coitianta

5. Bainistiú Riosca maidir le Tionscadail Chaipitil

6. Athbhreithniú Bliantúil ar Straitéis an Bhoird

I bhFeabhra 2020, chuir an Bord athbhreithniú ar an gCreat Bainistíochta Riosca i gcrích, agus d’aontaigh siad na bearta breise seo a leanas a chur i bhfeidhm d’fhonn bainistiú foriomlán rioscaí sa Chuideachta a láidriú:

  • I láthair gach cruinnithe Boird, cuirfidh an Príomhoifigeach Riosca (an Príomhfheidhmeannach) Tuairisc maidir le Riosca Straitéiseach i láthair ina ndíreofar ar rioscaí faoi leith a bhfuil baint acu le straitéisí.
  • Gach bliain ag an athbhreithniú bliantúil ar Straitéisí an Bhoird (i Meitheamh / Iúil), déanfar na rioscaí a tuairiscíodh agus a pléadh ag cruinnithe Boird i rith na bliana a chuimsiú sa chlár oibre don athbhreithniú ar straitéisí an Bhoird lena chinntiú go gcuirfear na rioscaí straitéiseacha sin san áireamh i bpleananna gearrthéarmacha gnó.
  • Beidh na freagairtí ar na rioscaí straitéiseacha cuimsithe ansin sa Chlár Oibre a chuirfear faoi bhráid an Bhoird i Meán Fómhair sula dtosófar ag ullmhú buiséad don bhliain le teacht.
  • Ó am go chéile, déanfaidh an Bord athbhreithniú seachtrach a choimisiúnú ar éifeachtúlacht chur chuige foriomlán na Cuideachta i leith bainistiú riosca, de réir mar atá éilithe sa Chód Cleachtais. Tabharfar faoin gcéad athbhreithniú den chineál sin in 2020.

Inghlacthacht riosca

Is éagsúil an Inghlacthacht riosca sa Chuideachta, ag brath ar na réimsí agus gníomhaíochtaí difriúla lena mbaineann an gnó:

  • Tá an Bord toilteanach glacadh le leibhéal measartha riosca agus iad ag iarraidh a spriocanna straitéiseacha a bhaint amach.
  • Tuigeann an Bord go bhfuil comhbhabhtáil idir an riosca agus an luach saothair, agus chun inghlacthacht riosca cothromaithe a bhaint amach, glacann siad cur chuige stuama chucu féin maidir lena chinntiú go maoinítear an gnóthas go leordhóthanach, go háirithe ó thaobh tionscadail bhonneagair a mhaoiniú de. Níl an Bord sásta aon seansanna a thógáil a d’fhéadfadh príomhchúnaint i gcomhaontuithe na Cuideachta maidir le háiseanna fiachais a chur i mbaol.
  • Is tosaíocht de chuid an Bhoird é sábháilteacht paisinéirí, cuairteoirí, ball foirne agus oibrithe sa phort, agus is inghlacthacht thar a bheith íseal atá ag an mBord sna réimsí sábháilteachta agus slándála.
  • Téann an Chuideachta i muinín bearta chun rioscaí oibriúcháin a shainaithint agus a bhainistiú. Tá inghlacthacht riosca an-íseal ann i ndáil le córais chriticiúla a chothabháil agus sonraí a chosaint.
  • Bíonn an Chuideachta ag iarraidh a chinntiú go bhfreastalaíonn a ngníomhaíochtaí comhlíonta ar riachtanais na rialachán ábhartha, agus cloíonn siad le hinghlacthacht riosca íseal ó thaobh ceisteanna comhlíonta agus rialála de.

Ina theannta sin, úsáidtear na bearta seo a leanas chun riosca iomlán na feidhmíochta gnó a bhainistiú:

  • Ullmhú Buiséid Bhliantúil agus Pleananna Airgeadais Cúig Bliana,
  • Tuairisciú agus Anailís ar Athraitheas mhíosúil,
  • Rialuithe Airgeadais,
  • Príomhtháscairí Feidhmíochta, agus
  • Polasaithe, Caighdeáin agus Treoirlínte mionsonraithe chun tacú le rialú agus le maolú rioscaí.

Bainistiú an Riosca Airgeadais

De bharr a gcuid oibríochtaí, tá an Chuideachta neamhchosanta ar raon rioscaí airgeadais, lena n-áirítear riosca ráta úis, riosca creidmheasa agus riosca maidir le leachtacht agus sreabhadh airgid. Déantar athbhreithniú rialta ar bheartais chun an Chuideachta a chosaint ar rioscaí airgeadais. Níl an fhreagracht chun monatóireacht a dhéanamh ar an mbainistiú riosca airgeadais fágtha faoi fhochoiste an Bhoird ag na Stiúrthóirí. Is iad an Bord Stiúrthóirí a leagann na beartais amach, agus is í Rannóg Airgeadais na Cuideachta a chuireann i bhfeidhm iad.

Riosca maidir le Leachtacht agus Sreabhadh Airgid

Tá meascán de mhaoiniú fiachais ghearrthéarmaigh agus mheántéarmaigh ag an gCuideachta, rud a dhéanann deimhin de go mbíonn rochtain acu ar chistí leordhóthanacha don infheistíocht chaipitiúil atá beartaithe. Chuir an Chuideachta saoráid iasachtaíochta de €50m i bhfeidhm le Banc Uladh i Márta 2017 chun fiachas na Cuideachta a athchur agus a shíneadh. Ag deireadh 2019, bhí saoráidí geallta neamhtharraingthe de €50m ag an gCuideachta ar an tsaoráid seo.

I Nollaig 2015, rinne an Chuideachta Conradh Maoinithe leis an mBanc Eorpach Infheistíochta i leith saoráid maonithe tionscadail de €100m. Tá téarma 20 bliain ag an tsaoráid sin, agus bhí sí íostarraingthe ina hiomláine amhail ag deireadh 2019.

I Nollaig 2019, d’eisigh an Chuideachta bannaí sinsearacha neamhurraithe de €300m do réimse infheisteoirí institiúideacha. Amhail ar an 31 Nollaig 2019, bhí €100m de bhannaí ceannaithe. Tá gealltanas i bhfeidhm go gceannóidh na hinfheisteoirí an €200m atá fágtha de na bannaí, dá dtagraítear bannaí réamhcheannaigh, ar dhátaí sonraithe in 2020 agus 2021. Tá de rogha ag an gCuideachta, áfach, an gealltanas sin a chur ar ceal gan aon chostas agus gan cuid de na bannaí réamhcheannaigh a cheannach, nó gan aon cheann díobh a cheannach.

Is é polasaí na Cuideachta ná an toradh ar infheistíocht a uasmhéadú trí iarmhéideanna airgid barrachais a chur i dtaisce ísealriosca airgid thirim ar bhonn gearrthéarmach. Tá sainorduithe ciste curtha i bhfeidhm ag an gCuideachta le roinnt institiúidí airgeadais chun na críche sin.

Riosca Creidmheasa

Bíonn an Chuideachta neamhchosanta ar riosca creidmheasa i gcúrsa na trádála agus, chun an riosca sin a bhainistiú, déanann sí seiceálacha cuí creidmheasa ar ábhair custaiméirí agus ní thrádálann sí ach le tríú páirtithe aitheanta inchairde.

Riosca Ráta Úis

D’fhonn neamhchosaint na Cuideachta ar athruithe suntasacha diúltacha ar ráta úis a bhainistiú, tá beartas acu trína ndéantar íosmhéid 60 faoin gcéad (2018: 60 faoin gcéad) dá bhfiachais a choinneáil ag rátaí seasta úis. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, rinne an Chuideachta conradh ráta úis sheasta leis an mBanc Eorpach Infheistíochta ar an tsaoráid maoinithe tionscadail de €100m. In 2019, d’eisigh an Chuideachta €300m de bhannaí sinsearacha neamhurraithe ag ráta cúpóin sheasta.

Imeachtaí ó dheireadh na bliana airgeadais

Níor tharla aon imeachtaí eile idir dáta an Chláir Comhardaithe agus an dáta ar ar fhaomh an Bord na ráitis airgeadais.

Forbairtí sa Todhchaí

Tá Clár Infheistíochta Caipitiúla buiséadaithe de €122.6m ag an gCuideachta le haghaidh 2020. Áirítear sa Chlár Infheistíochta Caipitiúla le haghaidh 2020 suim de €32.2m i ndáil le Tionscadal Athfhorbartha Thaiscumar Alexandra (“ABR”) agus €69.8m i ndáil le Máistirphlean Chéim 1 (MP1).

Torthaí agus Díbhinní

Ba ionann brabús na Cuideachta don bhliain airgeadais agus €38.6m. Ba iad seo a leanas leithdháiltí agus moltaí na Stiúrthóirí i leith na suime sin:


2019
€’000

2018

€’000

Díbhinn Eatramhach de €0.3543 (2018: €1.052) in aghaidh na gnáthscaire íoctha

4,100

12,173

Méadú ar an mBrabús Coinnithe

34,545

29,348

Brabús don Bhliain Airgeadais

38,645

41,521

Níl sé beartaithe ag na Stiúrthóirí díbhinn deiridh a fhógairt.

Leasanna na Stiúrthóirí agus an Rúnaí

Ní raibh aon leas ag na Stiúrthóirí ná ag an Rúnaí i scairchaipiteal na Cuideachta amhail ar an 31 Nollaig 2019 agus 2018.

An tAcht um Íoc Pras

Is é beartas na Cuideachta soláthróirí a íoc i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála), 2002 agus leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997.

Chuige sin, tá gnáthaimh íocaíochta na Cuideachta ceaptha chun cinnteacht réasúnta a thabhairt i gcoinne neamhchomhlíonadh ábhartha théarmaí na Rialachán. Is é 30 lá an tréimhse chaighdeánach chreidmheasa, ach amháin má shonraítear a mhalairt sna socruithe conartha. Rinneadh formhór na n-íocaíochtaí de réir uimhreach agus luacha laistigh den tréimhse chuí chreidmheasa de réir mar is gá. Ar an ábhar sin, tá na Stiúrthóirí sásta gur chloígh an Chuideachta le riachtanais an Achta.

Stiúrthóirí

Leagtar amach thíos ainmneacha na ndaoine a bhí ina Stiúrthóirí ag aon am le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2019.

L McCaffrey (téarma oifige imithe in éag an 23 Nollaig 2019)

E O’Reilly

M Brophy (ceaptha ar an 29 Eanáir 2019)

H Collins

G Darlin

M Hand

K Nolan

L Williams (ceaptha ar an 29 Eanáir 2019)

Caidreamh le Scairshealbhóirí

Bíonn feidhmíocht trádála, pleananna don todhchaí agus fadhbanna straitéiseacha á bplé go leanúnach ag an gCathaoirleach, an Príomhfheidhmeannach agus an lucht bainistíochta i gcompháirt le scairshealbhóirí na Cuideachta. Bíonn ar an Aire Iompair agus/nó ar an Aire Airgeadais ábhair shonraithe ar leith a fhaomhadh, agus déantar cumarsáid leanúnach leis an Aire ábhartha trína ranna faoi seach. Tuairiscíonn an Cathaoirleach don Aire Iompair mar a éilítear faoi Alt 28 den Acht Cuanta, 1996 agus faoin Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Rialachas Corparáideach

Tá Cuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath tiomanta do na caighdeáin rialachais corparáidí is airde a chaomhnú, agus tá siad tar éis glacadh le prionsabail an rialachais corparáidí agus leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú arna n-eisiúint ag an Roinn Airgeadais i mí na Bealtaine 2009. Ar an 1 Meán Fómhair 2016, rinneadh an Cód Cleachtais a nuashonrú. Cuirfear forálacha an Chóid nuashonraithe i bhfeidhm sa tréimhse tuairiscithe airgeadais a thosaigh ar an 1 Eanáir 2017. Chomh maith leis sin, cloíonn an Chuideachta lena n-oibleagáidí faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin is ea an chuid is mó de na Stiúrthóirí, agus is é an tAire a cheapann iad. Tagann an Bord le chéile go foirmiúil gach mí agus cuirtear sceideal foirmiúil ábhar faoina bhráid go heisiach chun go ndéanfaí cinneadh ina leith. Tá an Bord freagrach as cumhachtaí uile na Cuideachta a fheidhmiú, seachas na cinn atá curtha i leataobh le haghaidh na nGeallshealbhóirí, agus tá comhfhreagracht orthu as oibríochtaí uile na Cuideachta. D’fhéadfadh an Bord a chuid cumhachtaí a tharmligean mar is mian leis, do Choiste Boird nó don Phríomhfheidhmeannach, faoi réir ag na srianta nó an rialaithe a fhorchuirtear lena leithéid de tharmligean. Faoi réir ag cead ón Aire i gcásanna áirithe, rinne an Bord forchoimeád cinntí a fhaomhadh maidir le feidhmeanna áirithe sna réimsí seo a leanas: Rialachas, Maoiniú, Soláthar, Oibríochtaí agus Ceapacháin Acmhainní Daonna. Tá rochtain ag an mBord ar chomhairle agus ar sheirbhísí Rúnaí na Cuideachta agus is féidir leo comhairle neamhspleách ghairmiúil a fháil nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach.

Éilíonn an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú go ndéanfadh an Bord féinmheastóireacht go bliantúil chun a fheidhmíocht a mheas. Rinne an Bord athbhreithniú féinmheasúnaithe, bunaithe ar cheistneoir atá le fáil sa Chód Cleachtais, don uair dheireanach i bhFeabhra 2017. Cuireadh an cleachtadh le haghaidh 2019 siar go dtí go mbeadh athbhreithniú seachtrach foirmeálta tugtha chun críche. Éilíonn an Cód Cleachtais go ndéanfaí meastóireacht sheachtrach fhoirmiúil gach trí bliana ar a laghad. I Meitheamh 2019, tar éis comórtas soláthair, d’fhaomh an Bord ceapadh soláthróra neamhspleách ón taobh amuigh chun tabhairt faoi athbhreithniú seachtrach ar éifeachtúlacht an Bhoird. Cuireadh an t-athbhreithniú neamhspleách i bhfeidhm i rith an tsamhraidh in 2019 agus tuairiscíodh é don Bhord i Meán Fómhair. Dhearbhaigh na torthaí a bhí ar an meastóireacht foirmeálta a rinneadh in 2019 go bhfuil an Bord ag feidhmiú go héifeachtach, agus moltar iontu roinnt mhaith ceisteanna ar chóir don Bhord athbhreithniú a dhéanamh orthu.

Bhunaigh an Bord Coiste Iniúchóireachta in 1997 faoi théarmaí foirmiúla tagartha. Athbhunaíodh an Coiste seo in 2012 mar an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca. Leagadh amach sna téarmaí tagartha cuspóir, údarás agus comhaltas an Choiste, mar aon lena fhreagrachtaí sna réimsí seo a leanas: tuairisciú seachtrach airgeadais, iniúchadh seachtrach, rialachas corparáideach agus iniúchadh inmheánach. I rith 2018, tar éis do chomhaltaí an Bord a fhágáil, rinne an Bord iomlán ról an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca agus bhí an tUas. Helen Collins ina Cathaoirleach.

Ag a chruinnithe ar an 29 Márta 2019, dhearbhaigh an Bord ceapadh an Uas. Lesley Williams mar Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca, in éineacht leis an Uas. Michael Brophy agus an Uas. Helen Collins mar chomhaltaí coiste.

Tháinig an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca le chéile ceithre huaire le linn na bliana. Ba iad comhaltaí an Choiste i gcúrsa na bliana ná an tUas. Lesley Williams, an tUas. Michael Brophy, Helen Collins Uasal, an tUas. Geoffrey Darling, an tUas. Michael Hand, Lucy McCaffrey Uasal, an tUas. Keith Nolan agus an tUas. Eamonn O’Reilly.

Chomh maith leis sin, bhunaigh an Bord Coiste Luach Saothair in 1999. Ba iad comhaltaí an choiste le linn na bliana ná an tUas. Lucy McCaffrey (Cathaoirleach), an tUas. Geoffrey Darling agus an tUas. Michael Hand. Feidhmíonn an Coiste faoi théarmaí foirmiúla tagartha.

Freastal ar Chruinnithe

Tionóladh 13 Chruinniú Ginearálta Boird le linn na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2019.

Freastal na Stiúrthóirí ar chruinnithe an Bhoird:


I láthair

Incháilithe chun a bheith i láthair

L McCaffrey

13

13

E O’Reilly

12

12

M Brophy

12

12

H Collins

13

13

G Darling

13

13

M Hand

12

13

K Nolan

12

13

L Williams

12

12

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca

M Brophy

3

4

H Collins

5

5

G Darling

2

2

M Hand

2

2

L McCaffrey

2

2

K Nolan

2

2

E O’Reilly

2

2

L Williams

4

4

An Coiste Luach Saothair

L McCaffrey

2

2

G Darling

2

2

M Hand

2

2

Speansais na Stiúrthóirí

Íocadh speansais de €6,244 le comhaltaí an Bhoird i rith na bliana i ndáil le speansas taistil.

Rialuithe Inmheánacha

Tá freagracht iomlán ag an mBord as córais rialaithe inmheánaigh na Cuideachta. Ní féidir leis na córais sin atá á gcoinneáil ag an gCuideachta ach gealltanas réasúnta a thabhairt, seachas gealltanas iomlán, go ndéantar idirbhearta i gcomhréir le húdarú an luchta bainistíochta, go gcosnaítear sócmhainní, go gcuirtear cosc ar chalaois agus go gcoinnítear taifid chearta airgeadais. Deimhníonn an Bord go bhfuil athbhreithniú déanta acu ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh.

Chun deimhin a dhéanamh de go gcuirtear rialuithe inmheánacha na Cuideachta i bhfeidhm go héifeachtúil, fostaíodh pearsanra cáilithe agus leithdháileadh na dualgais orthu mar is ceart.

Áirítear le córais an rialaithe inmheánaigh:

  • Déantar rioscaí gnó a aithint agus a dtionchair airgeadais a mheas trí athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar Phlean Straitéiseach na Cuideachta. Tugtar achoimre thuas ar an bpróiseas a bhaineann le Creat Bainistíochta Riosca na Cuideachta faoin gceannteideal “Rioscaí agus Éiginnteachtaí Príomha”. Ghlac an Bord leis an bPlean Straitéiseach is déanaí don tréimhse 2017 go dtí 2021 i mí na Nollag 2016;
  • Buiséad bliantúil faofa ag an mBord agus measúnú míosúil ar fhíorthorthaí i gcomparáid le réamhaisnéisí buiséid;
  • Coiste Iniúchóireachta agus Riosca a bunaíodh chun na rudaí seo a leanas a athbhreithniú agus a phlé leis na hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha: rialuithe inmheánacha cuntasaíochta na Cuideachta, an fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí, rogha na mbeartas cuntasaíochta, pleananna iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí, tuarascáil reachtúil na n-iniúchóirí, an tuairisciú airgeadais agus ábhair ghaolmhara eile;
  • Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí trína ndéantar athbhreithniú ar phríomhphróisis agus ar phríomhrialuithe gnó;
  • Cóid fhoirmiúla iompair le haghaidh Stiúrthóirí agus fostaithe; agus
  • Beartais agus nósanna imeachta soláthair. Ar an gcead dul síos, déanann siad sin deimhin de go dtéitear i mbun gníomhaíochtaí soláthair chun luach ar airgead a sholáthar i dtéarmaí na gcostas saolré foriomlána agus, lena chois sin, go gcloítear leis na Treoirlínte Stáit agus na Treoracha AE ábhartha uile a bhfuil feidhm acu maidir le Fóntais Phoiblí. Tá an Chuideachta ag cloí leis na riachtanais oiriúnacha faoin gCód Caiteachais Phoiblí ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Tá athbhreithniú déanta ag an mBord, tríd an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca, ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh suas go dtí dáta faofa na ráiteas airgeadais.

Rinne an tIniúchóir Inmheánach athbhreithniú ar éifeachtúlacht chóras an rialaithe inmheánaigh agus níor thángthas ar aon laigí suntasacha rialaithe a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le caillteanas airgeadais nó cur isteach oibríochtúil, a éilíonn cúram láithreach ag leibhéal an Bhoird.

Ráiteas comhlíonta

Admhaíonn Stiúrthóirí na Cuideachta go bhfuil siad freagrach as comhlíonadh na Cuideachta lena n-oibleagáidí ábhartha a ráthú (mar atá sainmhínithe in Acht na gCuideachtaí 2014 (an “tAcht 2014”)) agus, mar atá éilithe faoi alt 225 den Acht 2014, deimhníonn na Stiúrthóirí:

  1. gur ullmhaíodh ráiteas beartais comhlíontachta ina leagtar amach beartais na Cuideachta maidir lena n-oibleagáidí ábhartha faoin Acht 2014 a chomhlíonadh;
  2. gur cuireadh socruithe agus struchtúir i bhfeidhm a measann na Stiúrthóirí gur leor iad chun cloí ábhartha le hoibleagáidí cuí na Cuideachta a chinntiú; agus
  3. go ndearnadh athbhreithniú ar na socruithe agus struchtúir le linn na bliana airgeadais lena mbaineann Tuarascáil na Stiúrthóirí.

Síntiúis Pholaitíochta

Ní dhearna an Bord aon síntiús polaitíochta i rith na bliana.

Nochtadh Faisnéise do na hIniúchóirí

Tá sé deimhnithe ag gach Stiúrthóir a bhí in oifig amhail ar dháta na tuarascála seo:

  • Go bhfios dó/di, nach bhfuil aon fhaisnéis ábhartha iniúchta ann nach bhfuil ar eolas ag iniúchóirí reachtúla na Cuideachta; agus
  • Go bhfuil na bearta go léir déanta aige/aici ar cheart iad a bheith déanta aige/aici mar Stiúrthóir chun eolas a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha iniúchta agus chun a dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis sin ar eolas ag iniúchóirí reachtúla na Cuideachta.

Iniúchóirí Reachtúla

Leanfaidh na hiniúchóirí, Deloitte Ireland LLP, Cuntasóirí Cairte agus Gnólacht Iniúchóireachta Reachtúil, in oifig i gcomhréir le halt 383(2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014.

Thar ceann an Bhoird

Eamonn O’Reilly
Príomhfheidhmeannach

Keith Nolan
Stiúrthóir

27 Márta 2020