Athbhreithniú ón bPríomhfheidhmeannach

"THÁINIG FÁS RÉASÚNTA 0.4% AR MHÉIDEANNA IOMLÁNA GO DTÍ 38.1M TONA COMHLÁN, AGUS IS TRÉCHUR NÍOS AIRDE NÁ RIAMH É SIN DON CHÚIGIÚ BLIAIN AS A CHÉILE."


Athbhreithniú Trádála Comhlacht Chalafort Átha Cliath

In 2019, d’ainneoin fás láidir sa trádáil aonadaithe, d’fhás na méideanna iomlána 0.4%, ar méadú measartha é go dtí 38.1 milliún tona comhlán. Is é seo an cúigiú bliain as a chéile inar baineadh leibhéal tréchuir níos airde amach ná riamh. Tá fás 36.1% tagtha ar mhéideanna iomlána le seacht mbliain anuas, agus anois, tá siad 23.3% níos airde ná mar a bhí in 2007, roimh an gcúlú eacnamaíochta.

D’fhás allmhairí níos láidre ná onnmhairí le linn 2019, ag 0.5% agus 0.1%, faoi seach.

‘000 olltona

2019

2018

% athraithe

Allmhairí

22,858

22,741

0.5%

Onnmhairí

15,280

15,253

0.1%

Iomlán

38,138

37,994

0.4%

Ó thaobh modha de, tháinig fás 1.2% ar Ró-Ró i dtéarmaí tonaí comhlána faoi fás 5.3% ar Ló-Ló.

Ba ionann an fás sa dá mhodh aonadaithe le chéile agus 2.1%.

I gcontrárthacht leis sin, laghdaigh na modhanna neamh-aonadaithe 7.4%. Laistigh de sin, d’fhás Bulcleacht 0.9% agus Bulcsholad 23.4%.

‘000 olltona

2019

2018

% athraithe

Ró-Ró

24,348

24,050

1.2%

Ló-Ló

7,290

6,924

5.3%

Bulcleacht

4,662

4,621

0.9%

Bulcsholad

1,820

2,375

-23.4%

Briseadh Builc

17

24

-27.9%

Iomlán

38,138

37,994

0.4%

Aonadaithe

31,638

30,974

2.1%

Neamhaonadaithe

6,499

7,020

-7.4%

Ba é an t-athrú ba shuntasaí a tharla i rith na bliana na an laghdú 0.6 milliún tona ar an modh Bulcsholaid. Ba é ba chúis leis sin go príomha ná laghduithe ar iompórtáil bia ainmhithe agus gránach agus ar easpórtáil tiúchán méine.

Olltonaí d'allmhairí/onnmhairí (‘000)

2019

38,138

2018

37,994

Allmhairí

Onnmhairí

Móid olltonaí (‘000)

2019

38,138

2018

37,994

Ró-Ró

Ló-Ló

Bulcleacht

Bulcsholad

Briseadh Builc

Is é an aimsir a bhí ann le linn shéasúir fáis na mblianta roimhe a chinneann, den chuid is mó, na méideanna bia ainmhithe agus gránach in aon bhliain ar leith. Nuair a bhíonn soláthar ard féir agus fodair ann, is íseal an t-éileamh a bhíonn ar allmhairí bia ainmhithe agus gránach.

Ba é ba chúis leis an laghdú ar thiúcháin mhéine ná dúnadh sealadach Mhianach na Teamhrach Boliden chun oibreacha tógála a éascú laistigh den Tionscadal ABR. Tá na hoibreacha sin tugtha chun críche anois agus tá na honnmhairí tiúchán méine ar ais ag na leibhéil is gnách dóibh.

Bhí feithiclí trádála 4.4% níos ísle in 2019, tar éis dóibh fás 4.1% sa bhliain roimhe.


2019

2018

%

Feithiclí trádála

98,897

103,443

-4.4%

Cuireadh tús le seirbhís farantóireachta ilchuspóireach nua idir Baile Átha Cliath agus Cherbourg i rith na bliana, agus dá bharr sin, tháinig fás láidir de 6.7% ar líon na bpaisinéirí agus de 9.9% ar fheithiclí turasóireachta.


2019

2018

%

Paisinéirí farantóireachta

1,949,229

1,827,674

6.7%

Feithiclí turasóireachta

559,506

508,960

9.9%

I gcomhréir leis an ngné thurasóireachta den ghnó farantóireachta, d’éirigh go han-mhaith leis an turasóireacht farantóireachta freisin, agus bhí 158 long ann i rith 2019 i gcomparaid le 150 an bhliain roimhe.

Anuas ar líon méadaithe long crúsála a bheith ann, tháinig ardú 11.1% ar an meánmhéid loinge.


2019

2018

%

Cuairteanna long crúsála ar phort

158

150

5.3%

Paisinéirí agus criú

323,234

276,927

16.7%

Olltonnáiste

8,792,405

7,512,749

17.0%

Olltonnáiste meánach in aghaidh na loinge

55,648

50,085

11.1%

Má bhreathnaítear ar an scéal i dtéarmaí aonaid le haghaidh Ró-Ró agus TEU (aonad coibhéise fiche troigh) le haghaidh Ló-Ló, d’fhás na méideanna 2.6% agus 6.5%, faoi seach.


2019

2018

%

Aonaid Ró-Ró

1,059,103

1,031,897

2.6%

Aonaid choibhéise fiche troigh Ló-Ló

774,000

726,928

6.5%

Ó thaobh treochtaí fadtéarmacha de, tá na méideanna Ró-Ró 44.5% níos airde ná mar a bhí in 2007. Anuas air sin, tá na méideanna Ló-Ló tar éis fás, sa deireadh thiar thall, go dtí leibhéal níos airde ná mar a bhí acu 12 bhliain ó shin.


2019

2007

% athraithe

Aonaid Ró-Ró

1,059,103

733,141

44.5%

Aonaid choibhéise fiche troigh Ló-Ló

774,000

743,937

4.0%

Má chuirtear Ró-Ró agus Ló-Ló le chéile (trí Ló-Ló a thomhas de réir aonad seachas i dtéarmaí TEU), d’fhás an tréchur iomlán don bhliain 3.6% go dtí 1.5 milliún aonad.

Aonaid

2019

2018

Athrú

% athraithe

Ró-Ró

1,059,103

1,031,897

27,206

2.6%

Ló-Ló

432,510

407,463

25,047

6.1%

Iomlán

1,491,613

1,439,360

52,253

3.6%

Iarmhairtí an Bhreatimeachta

Cé nach raibh an fás foriomlán ach ag an leibhéal measartha maith de 0.4%, tháinig fás suntasach ar na modhanna aonadaithe, a spreagann riachtanais infheistíochta caipitiúla na Cuideachta.

Ba ar sheirbhísí loingseoireachta leis an Ríocht Aontaithe a bhí 62.5% den mhéid aonadaithe iomlán de 1.5 milliún aonad. Ba ar sheirbhísí le Mór-roinn na hEorpa (CE) agus níos faide ar shiúl an 37.5% eile.

Ba é an t-athrú ba shuntasaí i rith 2019 ná an laghdú 0.2% ar an trádáil aonadaithe leis an Ríocht Aontaithe, agus an meadú 10.7% ar an trádáil le Mór-roinn na hEorpa agus níos faide ar shiúl.



2019

2018

Athrú

% athraithe

Ríocht Aontaithe

Ró-Ró

897,479

889,557

7,922

0.9%

Ló-Ló

35,415

45,296

-9,881

-21.8%

Ríocht Aontaithe Iomlán

932,894

934,853

-1,959

-0.2%

CE

Ró-Ró

161,624

142,340

19,284

13.5%

Ló-Ló

397,095

362,167

34,928

9.6%

CE Iomlán

558,719

504,507

54,212

10.7%

Má leantann an treocht seo ar aghaidh de réir mar a théann an Breatimeacht chun cinn, beidh tuilleadh acmhainneachta (beartanna agus talamh) ag teastáil i bPort Bhaile Átha Cliath chun freastal ar mhéid ainmnithe lasta aonadaithe amach anseo ná mar a bheadh murach sin. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina dhúshlán i dtaca le hacmhainneacht deiridh de 77 milliún tona comhlán per annum faoi 2040, de réir mar atá leagtha amach sa Mháistirphlean.

Feidhmíocht Airgeadais in 2019

Mhéadaigh an láimhdeachas don bhliain faoi €2.3m (2.6%) ó €90.4m in 2018 go dtí €92.7m in 2019. Tá sé sin i gcomhréir leis an bhfás ar mhéideanna i rith na tréimhse, agus le coigeartuithe ar phraghsanna a cuireadh i bhfeidhm i rith na bliana.

Ba ionann agus €48.5m na costais oibriúcháin iomlána in 2019, arbh ionann é agus méadú €4.9m (11.2%) i gcomparáid leis an mbliain roimhe mar thoradh ar roinnt tosca:

Scéim iomarcaíochta deonaí a thabhairt chun críche ar chostas €2.9m, agus tréimhse aiscíoca de 2.1 bhliain san áireamh.

Muirear dímheasa níos airde de €0.7m mar thoradh ar infheistíocht chaipitiúil.

Costais phinsin níos airde de €0.1m.

Gan na míreanna thuas a chur san áireamh, d’ardaigh na bunchostais oibriúcháin laethúla faoi 3.7% ó €32.7m in 2018 go dtí €33.9m in 2019.

Mar thoradh ar an méid thuas, ba ionann brabús oibriúcháin na Cuideachta in 2019 agus €44.2m; is laghdú €3.2m (6.7%) é sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe, nuair a ghnóthaigh an Chuideachta brabús oibriúchán de €47.4m.

€’000

2019

2018

% athraithe

Láimhdeachas

92,723

90,374

2.6%

Brabús Oibriúcháin

44,229

47,388

-6.7%

PBT

44,619

47,855

-6.8%

PAT

38,645

41,521

-6.9%

Ba ionann an muirear cánachais don bhliain agus €6.0m, i gcomparáid le €6.3m in 2018.

Ba é an brabús don Bhliain Airgeadais 2019 ná €38.6m, i gcomparáid le €41.5m in 2018, arbh ionann é agus laghdú €2.9m (6.9%).

Laghdaigh an TRÚCDA (Tuilleamh Roimh Ús agus Cháin) faoi €1.9m (3.3%) ó €55.8m in 2018 go dtí €54.0m in 2019. Ba é an infheistíocht €2.9m sa scéim iomarcaíochta deonaí atá sonraithe thuas a bhí taobh thiar den laghdú, den chuid is mó. Gan an muirear sin san áireamh, d’ardaigh an bun-TRÚCDA faoi €1.0m (1.8%) in 2019.

€’000

2019

2018

Brabús Oibriúcháin

44,229

47,388

Dímheas

10,318

9,599

Amúchadh

(582)

(542)

Ioncam eile

-

(600)

Míreanna neamhghnácha – brabús ar dhiúscairt sócmhainní

(5)

(18)

TRÚCDA

53,960

55,827

Scéim iomarcaíochta deonaí

2,883

-

Bun-TRÚCDA

56,843

55,827

Ba é an Toradh ar Chaipiteal a Úsáidtear (ROCE) don bhliain 2019 ná 8.2%, i gcomparáid le 10.2% in 2018, rud a léirigh an infheistíocht shuntasach a rinneadh i sócmhainní seasta i gcaitheamh na bliana. Ba é iomlán na sócmhainní sin ná €564.5m, i gcomparáid le €496.6m ag deireadh 2018. Is é is bonn leis an athrú ar Shócmhainní Seasta don bhliain ná méideanna breise de €78.1m arna bhfritháireamh ag dímheas sa bhliain de €10.2m.

Is é seo thíos achoimre ar an nglanriocht fiachais amhail ag deireadh na bliana.

€m

2019

2018

Iasachtaíochtaí

198.6

134.8

Airgead tirim

77.3

43.3

Glanfhiachas

121.3

91.6

Mhéadaigh na hiasachtaíochtaí iomlána faoi €63.8m tar éis íostarraingt an chéad tráinse €100m ó shaoráid fiachais láithrithe phríobháidigh de €300m a comhaontaíodh le Allianz. Ba ionann agus €36.3m aisíocaíocht na n-iasachtaí Bhanc Uladh agus EIB i gcaitheamh na bliana.

Mar thoradh ar an maoiniú atá i bhfeidhm anois, is maith a bheidh an Chuideachta in ann leanúint de chur i bhfeidhm

chlár infheistíochta caipitiúla an Mháistirphlin lena ndéanfar infheistíocht i mbonneagar de níos mó ná €1 billiún atá pleanáilte don chéad deich mbliana romhainn amach.

An Dealramh atá ar Ghnóthaí le haghaidh 2020

Tar éis fás leanúnach ó 2013, ba bhliain dhúshlánach é 2019 mar gheall ar an mBreatimeacht.

Chun muid féin a ullmhú lena aghaidh sin, táimid tar éis áiseanna a sholáthar ar dheich heicteár de thailte poirt i gcomhair gníomhaireachtaí Stáit, lena n-áirítear Custam agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is caillteanas suntasach é sin i bhfianaise an ghanntanais tailte, agus níor cheapamar riamh go mbeadh gá leis agus an Máistirphlean á fhorbairt againn den chéad uair in 2012. Tá na hullmhúcháin le haghaidh an Bhreatimeachta tar éis cur isteach ar thionscadail chaipitil leanúnacha freisin, agus faoi dheireadh 2020, beidh orainn aghaidh a thabhairt ar an neamhchinnteacht a bhaineann le moilleanna mar thoradh ar sheiceálacha nua ar thrádáil leis an mBreatain Mhór.

Ós rud é go bhfuilimid tar éis bonneagar a chur ar fáil i gcomhair na seirbhísí cigireachta teorann a theastaíonn de bharr an Bhreatimeachta, beimid ag brath ar thríú páirtithe (gníomhaireachtaí Stáit, cuideachtaí farantóireachta agus a gcustaiméirí tarlóra) chun na hullmhúcháin a thabhairt chun críche i rith 2020 d’fhonn a chinntiú go rachaidh an trádáil leis an mBreatain Mhór chun cinn gan aon fhadhbanna.

I rith 2020, táimid ag súil go bhfaighimid cinneadh ón mBord Pleanála ar ár n-iarratas pleanála maidir lenár dTionscadal MP2. Is é seo an dara ceann de thrí thionscadal straitéiseacha um fhorbairt bonneagair, a mbainfear fís Mháistirphlean 2040 amach mar thoradh orthu uile, agus i rith 2020, tosóimid ag obair ar an tríú ceann de na tionscadail sin (an ceann deireanach) chun áiseanna a fhorbairt ar Leithinis an Phoill Bhig. Áireofar leis sin Bealach Rochtana ar an bPort Theas a thógáil mar bhóthar poirt inmheánach a chuirfidh ar chumas daoine taisteal chuig Tollán Comhlacht Chalafort Átha Cliath agus ar ais uaidh, agus a éascóidh trácht poirt ón taobh ó dheas den phort.

Is mór an dúshlán é acmhainneacht poirt a phleanáil a bhféadfadh 20 bliain a bheith i gceist lena cur i bhfeidhm, agus i rith 2020, beidh orainn a bheith ag machnamh freisin ar cén áit agus conas a chuirfear acmhainneacht poirt bhreise ar fáil ar chósta thoir na tíre le freastal ar fhás i ndiaidh 2040; is ag an tráth sin a bheidh barr a acmhainneachta tréchuir bainte amach ag Port Bhaile Átha Cliath, dar linn.

Tá Port Bhaile Átha Cliath féinmhaoinitheach agus is gá dó an port a fhorbairt lena chuid acmhainní féin. Má théimid i bhfiacha go mór, ní foláir dúinn an méid céanna brabúis a ghiniúint. Bhí i gceist againn i rith 2019 athbhreithniú a dhéanamh ar ár muirir bonneagair poirt agus beartas praghsála a chur i bhfeidhm a chuirfeadh ar chumas na Cuideachta leanúint de chlár infheistíochta caipitiúla an Mháistirphlean a thabhairt chun críche le linn na deich mbliana atá romhainn amach. Cuireadh ar ceal é sin agus beidh sé ag tarlú i rith 2020.

Beidh tionscnaimh mhóra idir lámha maidir le Sláinte agus Sábháilteacht i rith na bliana atá romhainn, ní in oibríochtaí na Cuideachta amháin ach in oibríochtaí uile Comhlacht Chalafort Átha Cliath, ar muir agus ar tír.

Anuas air sin, earcóimid speisialtóirí comhshaoil agus éiceolaíochta chun scileanna nua a thabhairt isteach sa Chuideachta, rud is bunriachtanach má táimid chun dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla maidir leis an gcomhshaol, mar shampla an t-athrú aeráide, cáilíocht an aeir agus an bhithéagsúlacht.

Tar éis dúinn comhairliúchán poiblí a reáchtáil i dtaca le turasóireacht crúsála, beimid ag tabhairt faoi chinnteoireacht thábhachtach i rith 2020 faoi cé acu an leanfaimid nó nach leanfaimid d’fhorbairt Shíneadh Ché an Phoirt Thuaidh chun bearta a sholáthar i gcomhair longa crúsála móra.

Ar deireadh, tá Covid-19 tar éis tionchar suntasach a imirt ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa tír laistigh d’achar ama an-ghearr. Cé nach bhfuil aon dabht ach go mbeidh drochthionchar aige sin ar ár méideanna tréchuir agus, dá bharr sin, ar ár n-ioncam, tá ról lárnach fós ag Port Bhaile Átha Cliath inár mbonneagar náisiúnta, agus is nód ríthábhachtach é sa slabhra iompair i dtaca le sreabhadh leanúnach allmhairí agus onnmhairí riachtanacha a chinntiú i gcónaí. Leanfaimid d’athbhreithniú a dhéanamh ar gach cineál caiteachais, idir caiteachas oibriúcháin agus caiteachas caipitil, lena chinntiú go gcoinníonn an Chuideachta an leachtacht agus an láidreacht airgeadais le go mbeimis fós in ann ár sainchúram lárnach a chomhlíonadh, mar atá, an trádáil a éascú.

Eamonn O’Reilly

Príomhfheidhmeannach

27 Márta 2020