Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

30. Sochair iarfhostaíochta

Oibríonn an Chuideachta ceithre scéim pinsin le sochair sainithe agus scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe. Ar an 1 Eanáir 2005 dúnadh na scéimeanna sochair sainithe d’iontrálaithe nua.

Scéim Ranníocaíochtaí Sainithe

Tá fostaithe a thosaigh ag obair leis an gCuideachta tar éis an 1 Eanáir 2005 ina mbaill den scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe. Íocann na baill agus an Chuideachta ranníocaíochtaí ag rátaí seasta. I rith na bliana rinne an Chuideachta ranníocaíocht €762k (2018: €591k) sa scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe, agus rinneadh an méid sin a mhuirearú ar an gcuntas Brabúis agus Caillteanais. Is é Irish Pensions Trust Limited, Cuideachta iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de chuid na scéime le ranníocaíocht shainithe.

Scéimeanna Sochair Sainithe

(a) Oibríonn an Chuideachta ceithre scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe bunaithe ar thuarastail dheireanacha inphinsin d’fhostaithe incháilithe, lena n-áirítear fostaithe agus iarfhostaithe Chuideachta Phort Dhún Dealgan agus an t-aonán a bhí ann roimh an gCuideachta, Bord Poirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath.

Déanann iontaobhaithe riarachán ar na ceithre scéim. Is iad seo a leanas na scéimeanna: “Ciste Aoisliúntais Comhlacht Chalafort Átha Cliath 1996”, “Ciste Aoisliúntais um Piolótaí Chuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath”, “Scéim Sochar Scoir um Phríomhfheidhmeannach Chuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath” agus “Scéim Pinsin Chuideachta Comhlacht Chalafort Átha Cliath um Iarfhostaithe Chuideachta Phort Dhún Dealgan”.

Is iad an Chuideachta agus na baill scéime a cheapann iontaobhaithe Chiste Aoisliúntais Comhlacht Chalafort Átha Cliath 1996. Reáchtáladh an toghchán iontaobhaí baill is deireanaí do chiste Aoisliúntais Comhlacht Chalafort Átha Cliath 1996 in 2017 agus rinne an Bord ceapachán ceathrar fostaithe a dhaingniú ag a chruinniú ar an 8 Nollaig 2017. I dteannta leis an gceathrar iontaobhaithe atá ina mbaill, cheap an Chuideachta ceathrar iontaobhaithe eile.

Is é Irish Pensions Trust Limited, Cuideachta iontaobhaí neamhspleách gairmiúil, an t-aon iontaobhaí amháin de na trí scéim eile.

Níl aon scéimeanna neamh-mhaoinithe i bhfeidhm amhail ar an 31 Nollaig 2019.

(b) Luacháil Achtúireach

Déantar seasamh maoinithe na ceithre scéim sochair sainithe a mheasúnú de réir chomhairle achtúirí neamhspleácha. Déantar an seasamh maoinithe a mheasúnú go foirmiúil gach trí bliana.

Tá sé ar intinn ag an gCuideachta ranníocaíochtaí rialta a dhéanamh leis na ceithre scéim de réir na moltaí a leag na hachtúirí amach sna tuarascálacha achtúireachta iomchuí le haghaidh gach scéime.

Ullmhaíodh na luachálacha achtúireacha infheidhme is deireanaí do na príomhscéimeanna ar an 1 Eanáir 2018. Ba é Mercer a chuir na tuarascálacha i gcrích, agus ní oifigigh ná fostaithe de chuid na Cuideachta iad. Tá na tuarascálacha luachála ar an 1 Eanáir 2018 ar fáil lena scrúdú ag baill na scéime ach níl siad ar fáil lena scrúdú ag an bpobal.

Tá na chéad tuarascálacha luachála eile do na scéimeanna seo le bheith ullmhaithe ar an 1 Eanáir 2021.

Bonn luachála um Íoschaighdeán Maoinithe (faisnéis nach bhfuil iniúchta):

Tá sé ina cheangal go gcloífeadh na ceithre scéim le sochair sainithe leis an Íoschaighdeán Maoinithe (ICM) i gcomhréir le hAlt 44 d’Acht na bPinsean, 1990 (mar atá leasaithe). Leis an ICM, go ginearálta, déantar a thomhas cibé acu an gclúdaíonn sócmhainní carntha dliteanais arna bhfabhrú do bhaill, ag déanamh talamh slán de go ndéanfaí na scéimeanna a fhoirceannadh ar an dáta luachála. Tá na boinn tuisceana ar a mbíonn an dliteanas ICM socraithe forordaithe sa reachtaíocht agus i dtreoir achtúireach. Cuireadh na teastais maoinithe achtúirigh is deireanaí, a cuireadh ar fáil le haghaidh na bpríomhscéimeanna le sochar sainithe, faoi bhráid an Údaráis Pinsean iad agus dáta éifeachtach 31 Nollaig 2018 orthu, agus dearbhaíodh gur chloígh na scéimeanna leis an ICM ar an dáta sin.

Tar éis an athbhreithnithe achtúirigh ar an 1 Eanáir 2020, fuarthas amach gur chloígh ceithre scéim le sochar sainithe an ICM amhail ar an 1 Eanáir 2020. Ba é luach iomlán shócmhainní na scéime ná €281.5m agus ba iad luach iomlán na ndliteanas faoin ICM ná €197.3m, agus an toradh a bhí air sin ná barrachas de €84.2m ar bhonn an ICM.

Bonn na luachála fadtéarmaí (faisnéis neamh-iniúchta):

Tá sé de rún ag an gCuideachta leanúint de mhaoiniú a sholáthar de réir mholadh an achtúire chun déanamh cinnte go leanfaidh na scéimeanna d’fheidhmiú agus de sholáthar íocaíochtaí pinsin ar bhonn fadtéarmach.

Maidir leis na luachálacha amhail ar an 1 Eanáir 2018 chun na gcríoch maoinithe sin, ullmhaíodh iad agus úsáid á baint as modh luachála achtúirigh ar a dtugtar an modh “aoise sroichte”. Is iad na phríomhbhoinn tuisceana achtúireacha a glacadh sa luacháil ná gurb é 1.00% per annum an ráta fáltais bliantúil a bheadh ar infheistíochtaí roimh scor, gurb é 1.00% per annum an ráta fáltais bliantúil a bheadh ar infheistíochtaí tar éis scoir, agus gurb é an méadú a bheadh ar thuarastail ná 2.50% le haghaidh 2018-2022 agus 3.0% per annum ina dhiaidh sin an méadú a bheadh ar phinsin reatha ná 1.75% per annum. Faoin modh luachála sin ar an 1 Eanáir 2018, ba é méid iomlán na sócmhainní ná €281.8m agus ba é méid iomlán na ndliteanas fabhraithe ná €264.9m. Ba é an toradh air sin ná barrachas comhlán de €16.9m agus cóimheas maoinithe (sócmhainní: dliteanais) de 106% amhail ar an 1 Eanáir 2018.

Tar éis athbhreithniú eatramhach ar an 1 Eanáir 2020, ba é méid foriomlán na sócmhainní ná €281.5m agus méid foriomlán na ndliteanas arna dtomhas de réir an mhodha luachála sin ná €269.1m, agus an toradh air sin ná barrachas comhlán de €12.4m agus cóimheas maoinithe (sócmhainní:dliteanais) amhail ar an 1 Eanáir 2020 de 105%.

Ullmhófar na chéad luachálacha foirmiúla iomlána eile ar an 1 Eanáir 2021.

(c) FRS 102 – Alt 28 – “Sochair Fostaí”

Rinne achtúirí neamhspleácha oibleagáidí sochair sainithe na Cuideachta a luacháil chun críocha alt 28 de FRS 102, bunaithe ar shonraí arna gcur ar fáil le haghaidh luacháil achtúireach na scéimeanna amhail ar an 31 Nollaig 2019. De réir mar a éilítear de réir alt 28 de FRS 102, ullmhaíodh an luacháil agus úsáid á baint as modh luachála achtúirigh ar a dtugtar modh “na n-aonad creidmheasa réamh-mheasta”. Ós rud é go bhfuil na scéimeanna dúnta d’iontrálaithe nua, tá próifíl aoise na scéime ag dul in airde agus mar sin faoi mhodh na n-aonad réamh-mheasta rachaidh an costas reatha seirbhíse i méid de réir mar a bhogann baill den scéim i dtreo scoir.

Boinn Tuisceana Airgeadais:

Ba iad na príomhbhoinn tuisceana airgeadais chun na hoibleagáidí sochair (dliteanais) a ríomh faoi alt 28 de FRS 102 ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:


31 Nollaig 2019

31 Nollaig 2018

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ar oibleagáidí sochair ar lascaine

1.25%

2.00%

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar thuarastail

2.5% le haghaidh 2020-2022, 3% ina dhiaidh sin

2.5% le haghaidh 2019-2022, 3% ina dhiaidh sin

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe ar phinsin arna n-íoc

1.50%

1.75%

Ráta réamh-mheasta an mhéadaithe arna gcur siar

1.50%

1.75%

Boilsciú ITB

1.50%

1.75%

Déantar an ráta lascaine arna úsáid chun an dliteanas pinsin a ríomh faoi threoir torthaí margaidh ar dháta an Chláir Chomhardaithe ar bhannaí corparáide ardchaighdeáin. Bíonn airgeadra agus téarma na mbannaí corparáide ar aon dul le hairgeadra agus téarma measta na n-oibleagáidí sochair. Ag féachaint d’fhad oibleagáidí sochair na scéime, glacadh ráta lascaine de 1.25% amhail ar an 31 Nollaig 2019.

Boinn Tuisceana Dhéimeagrafacha:

Tá na boinn tuisceana do bhaill maidir leis an ionchas saoil ag am scoir leagtha amach thíos:


2019

2018


Blianta Fir

Blianta Mná

Blianta Fir

Blianta Mná

Baill reatha ag 40 bliain d’aois (ionchas saoil ag 65 bliana d’aois)

24.7

26.5

24.6

26.5

Pinsinéirí reatha ag 65 bliana d’aois (ionchas saoil ag 65 bliana d’aois)

22.5

24.4

22.4

24.3

Sócmhainní Scéime:

Ba é leithdháileadh infheistíochta na sócmhainní ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:

Aicme Sócmhainne

Cion de shócmhainní na Scéime amhail ar an 31 Nollaig 2019

Cion de shócmhainní na Scéime amhail ar an 31 Nollaig 2018

Bannaí

91.23%

90.93%

Réadmhaoin

0.03%

0.13%

Eile

8.74%

8.94%


100.0%

100.0%

Faoi FRS102, socraítear an toradh ionchais ar shócmhainní sa mhéid is go bhfuil sé comhionann leis an ráta lascaine

Ba é luach cóir na sócmhainní pinsin ar dháta an Chláir Chomhardaithe ná:


Luach cóir amhail ar an 31 Nollaig 2019

Luach cóir amhail ar an 31 Nollaig 2018


€’000

€’000

Bannaí

256,854

249,258

Réadmhaoin

90

363

Eile

24,591

24,503

Luach Cóir iomlán Sócmhainní

281,535

274,124

Seo a leanas na méideanna atá aitheanta sa ráiteas faoin staid airgeadais:


31 Nollaig 2019

31 Nollaig 2018


€’000

€’000

Luach cóir na sócmhainní scéime

281,535

274,124

Oibleagáid sochair sainithe

(233,491)

(220,943)

Sócmhainn sochair shainithe

48,044

53,181




Léirithe i ráitis airgeadais mar seo a leanas:



Infheistíochtaí – barrachas ar scéimeanna maoinithe (féach nóta 16)

48,044

53,181

Anailís ar na méideanna curtha san áireamh sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais:


2019

2018


€’000

€’000

Costas (gan ús san áireamh)



Costas reatha seirbhíse

(1,204)

(1,275)




Glanchostas úis



Ioncam úis ar shócmhainní scéime

5,394

5,273

Ús ar oibleagáidí sochair scéimeanna pinsin

(4,325)

(4,304)

Glanioncam úis

1,069

969


(135)

(306)

Áirítear leis an muirear Brabúis agus Caillteanais an costas/creidmheas seo a leanas mar gheall ar athruithe ar fhorálacha plean:

Anailís ar na méideanna atomhais arna n-aithint in Ioncam Cuimsitheach Eile:


2019

2018


€’000

€’000

Toradh ar shócmhainní plean (gan ioncam úis san áireamh)

10,863

(4,389)

Éifeacht choigeartuithe taithí

1,565

3,515

Éifeacht athruithe ar bhoinn tuisceana

(17,640)

3,251

Iomlán na n-atomhas curtha san áireamh in Ioncam Cuimsitheach eile

(5,212)

2,377

Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair


Sócmhainní

Oibleagáidí sochair

Glanbharrachas/(glaneasnamh)


€’000

€’000

€’000

Amhail ar an 31 Nollaig 2017

281,804

(231,217)

50,587

Costas reatha seirbhíse

-

(1,275)

(1,275)

Ús ar oibleagáidí sochair scéime

-

(4,304)

(4,304)

Ioncam úis ar shócmhainní scéime

5,273

-

5,273

Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh)

(4,389)

-

(4,389)

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

3,515

3,515

Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana

-

3,251

3,251

Ranníocaíochtaí ball

310

(310)

-

Sochair arna n-íoc ón scéim

(9,397)

9,397

-

Ranníocaíochtaí fostóra

523

-

523

Amhail ar an 31 Nollaig 2018

274,124

(220,943)

53,181

Gluaiseacht sócmhainní scéime agus oibleagáidí sochair


Sócmhainní

Oibleagáidí sochair

Glanbharrachas/(glaneasnamh)


€’000

€’000

€’000

Amhail ar an 31 Nollaig 2018

274,124

(220,943)

53,181

Costas reatha seirbhíse

-

(1,204)

(1,204)

Ús ar oibleagáidí sochair scéime

-

(4,325)

(4,325)

Ioncam úis ar shócmhainní scéime

5,394

-

5,394

Toradh ar shócmhainní scéime (gan ioncam úis san áireamh)

10,863

-

10,863

Atomhas mar thoradh ar choigeartuithe taithí

-

1,565

1,565

Atomhas mar thoradh ar athrú ar bhoinn tuisceana

-

(17,640)

(17,640)

Ranníocaíochtaí ball

304

(304)

-

Sochair arna n-íoc ón scéim

(9,360)

9,360

-

Ranníocaíochtaí fostóra

210

-

210

Amhail ar an 31 Nollaig 2019

281,535

(233,491)

48,044

Measann an fostóir go mbeidh €0.2m á chur acu leis na scéimeanna pinsin in 2020.

Anailís Íogaireacht ar oibleagáidí Sochair Scéime:

Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair sainithe d’athruithe ar na boinn tuisceana maidir le mortlaíocht leagtha amach thíos:


2019

2019

2019


Bonn tuisceana reatha

-1 Bhliain

+1 Bhliain

Ball Fir Reatha ag 40 bliain d’aois (Ionchas Saoil ag 65 bliana d’aois)

24.6

23.8

25.5

Pinsinéir Fir Reatha ag 65 bliana d’aois (Ionchas Saoil ag 65 bliana d’aois)

22.4

21.5

23.2

Oibleagáidí sochair (€’000)

233,491

225,566

241,529

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


7,925

(8,038)

% Athraithe (mar % den mhéid tosaigh)


3.4%

(3.4%)

Tá íogaireacht na hoibleagáide sochair sainithe d’athruithe ar an ráta lascaine leagtha amach thíos:


2019

2019

2019


Bonn tuisceana reatha

-0.25%

+0.25%

Ráta Lascaine

1.25%

1.00%

1.50%

Oibleagáidí sochair (€’000)

233,491

241,889

224,302

Athrú ar oibleagáidí sochair (€’000)


(8,398)

9,189

% Athraithe (mar % den mhéid tosaigh)


(3.6%)

3.9%