Nótaí a ghabhann leis na Ráitis Airgeadais

29. Idirbhearta Páirtithe Gaolmhara

I gcomhréir le FRS102 tá an Chuideachta díolmhaithe ó nochtadh idirbheart le haonáin eile faoi úinéireacht an stáit.

Mar a luadh i nóta 1, tá aon ghnáthscair amháin i seilbh an Aire Airgeadais agus tá an chuid eile díobh i seilbh an Aire Iompair amhail ar an 31 Nollaig 2019.

Níor thug aon chomhalta Boird, a mbreathnófaí orthu mar pháirtí gaolmhar, ná baill den phríomhfhoireann bhainistíochta faoi aon idirbhearta ábhartha leis an gCuideachta i rith na bliana.

Mar a luadh i nóta 15, tá €2.4m dlite don Chuideachta ó na cistí pinsin (2018: €2.3m).